Focail Fánacha
Ó RnaG inniu:
soláistí : Bhí an focal seo cloiste go minic agam, ach cén brí go díreach atá leis? "delicacies" a deir Foclóir Uí Dhónaill, nó "confectionery". Measaim gur "refreshments" an chiall sa chomhthéacs inar chuala é.
Ó alt i nDialann Phanu ar Yasser Arafat:
brín óg : duine óg aerach (sean-bhrí an fhocail, dár ndóigh!)
chuaigh sé rite liom : ar éigin a d'éirigh liom
luiteamas a bheith agat le rud : ceangal leis nó cion air
cóstóireacht : coasting, rambling
toilghnústa : wilful
cídeog : N'fheadar i gceart cén Béarla atá ar seo, ach de réir cosúlachta 'sé atá i gceist ná an scairf a chaitheadh Arafat. Thugaimísne "scairf PLO" air seo agus mé ar scoil.
gustal : maoin an tsaoil
drongcheannasaithe : godfathers, dar le Panu! Gleoite!
i dtuilleamaí : ag brath ar
feodach : feudal
de phór na scológ : ball den bhuíon oifigeach óg.
Ó alt le Panu ar David Trimble:
casaoid : gearán

4 FreagraÃ:
A Imeallaigh, ba mhian liom a phointeáil amach duit nach é "an mhaoin shaolta" an chiall a bhain mé as an bhfocal sin "gustal" ach "spiorad an fhir ghnó", "gus". Sin é an úsáid atá foghlamtha agam, níl mé cinnte an bhfuil an ceart agam.
Maidir le "nuair a bhí mé i mo bhrín óg", is é an chiall atá leis sin i nGaeilge Uladh ná "nuair nach raibh ionam ach buachaill beag", go bunúsach.
Maidir le "toilghnústa", is é an rud a léigh mé ar "Sheanchas Annie Bhán" nach ionann é agus "wilful", ach amháin i gcoimhthéacs cosúil le "wilful murder". Is é is brí le "toilghnústa" in Ultaibh ná "malevolent", tá sé níos láidire ná "wilful", shílfinn.
Bhain tú an chiall cheart as "cídeog". Focal de chuid Lár Thír Chónaill atá ann, a d'fheicfeá ag Fiach Fánach nó ag Seán Bán Mac Meanman.
Agus maidir le "de phór na scológ", ciallaíonn sé "of peasant roots", "belonging to underclass".
Is é is ciall le "oifigeach de phór na scológ" agam ná oifigeach a rinne a bhealach aníos as measc na ngnáthshaighdiúirí arbh as an ísealaicme (as aicme na scológ, na seirfeach, na mbochtán) dóibh le teann a fheabhais saighdiúireachta amháin, seachas oifigeach de phór na n-uasal a gheobhadh a ghradam le hoidhreacht nó de réir a chuid pribhléidí aicme.
Nó mar a deirtear: "ball den grassroots"! :-)
Go raibh maith agat!
Hi Blogger,
As a result of reading your blog "Focail Fánacha", I think you will discover my site on California Subject Examinations for Teachers a great help.
We have over 200 study prep guides and aids to help you sail through your exams without weeks and months of endless studying. Pay us a visit now ... you will be amazed at how much help is available for passing tests!
Best Regards
Emily
Post a Comment
<< Home