Saturday, July 30, 2005

Cad é an Ghaeilge ar "mí-chumas"?

Bhaineas an-thaitneamh as an alt seo le Hilary le déanaí - agus ins na freagraí ar an alt sin tá plé an-mhaith déanta ar na focail a úsáidtear chun "mí-chumas" duine a chur in iúl.

Tuesday, June 07, 2005

Wishlist

Ó Bhlag an Imill:
Wishlist: Mianliosta? Dúil-liosta? Cad déarfadh sibh a cháirde?

Saturday, May 14, 2005

"Na chéad fhocail Ghaeilge"?

Sin an teideal atá ar leabhar leanaí atá ag a baile againn. "Very First Words in Irish" an teideal Béarla atá air.

Leabhar an-mhaith is ea é, ach le breis agus bliain, tá an teideal ag goiliúint orm. "Na chéad"? Séimhiú tar éis "na"? Ach conas is ceart é a rá? "An chéad fhocal" - "the first word". Bíonn séimhiú ar an ord-uimhir "an chéad" i gcónaí - ach an bhfuil iolra aige?

Ní foláir dom a admháil nár dheineas aon dian-mhachnamh ar an gceist. Dá ndéanfainn, bheadh an freagra agam níos túisce. Ar nós aon cheist aistriúcháin, níl le déanamh ach a fhiafraí: "Cad 'tá á rá? Cad is ciall leis?" Ansin: "Conas a déarfaí é sin i nGaeilge?"

"Na Focail Tosaigh sa Ghaeilge" a déarfainnse. Bhfuil moltaí níos fearr ag éinne?

Caithfidh mé scríobh go dtí Foilsitheóirí Usborne!

Thursday, May 05, 2005

Speilp

Cloiste ar Raidió na Gaeltachta inné:
Speilp : Maoin. "Ní raibh puinn speilpe againn ag éirí aníos"

Monday, March 14, 2005

An t-Imeall: Blaganna agus Comhbhailiú

Ó Bhlag an Imill:
comhbhailiú : aggregation
léargas : insight
blag-rolla : blogroll
gaois an tslua : the wisdom of the crowd
greanadh : engraving, marking
torthaí comhbhailithe : aggregate results

comhbhailitheoir tuairimíochta : opinion aggregator

Saturday, March 12, 2005

Focal an Lae!

Ó Gaelport.com:
saincheadúnaí : Ó chomhthéacs an ailt, is cosúil gurb é is brí leis seo ná "franchisee"?

Sunday, February 27, 2005

Open-Source?

Ó Bhlag an Imill:

ríomhaireacht foinse oscailte : open-source computing - Nílim an-shásta leis mar aistriúchán, ach ní féidir liom teacht suas le h-aon rud níos fearr. Tuairim ag éinne?

Tuesday, January 18, 2005

Bheir Mí Ó

Ó Bhlag an Imill:
Bheir Mí Ó : ?
ráinig mé : "briathar lochtach" dar le foclóir Uí Dhónaill! shroich mé
meoraibh : méara?

Monday, January 17, 2005

An t-Imeall: Fonn Fóin Nollaig

ó Bhlag an Imill:
fonn fóin : ringtone (dar liomsa)
sainiúil : distinctive
beag beann : independent, non-derivative
dealbh : icon

Sunday, January 16, 2005

An t-Imeall: Leathanach April

Ó Bhlag an Imill:
Spárálaí Scáileáin : Screen-saver
Deasc Bheo : Live Desktop

Coimhlint Leasa

Ó Bhlag an Imill:
Coimhlint Leasa : Conflict of Interest
Scar-shealbhóir : shareholder
meanma : morale

Saturday, January 08, 2005

An bhlag-chruinne

Ó Bhlag an Imill

Blag-chruinne : Blogosphere - dar liomsa ar aon nós!

"Search referrals" - 'Bhfuil tuairim ag éinne cén ghaeilge a d'fhéadfaí a chur ar seo?

Wednesday, December 22, 2004

Oíche Chiúin

Ó Bhlag an Imill:
dís : beirt. Mheasas riamh gurb iad Muire agus Íosa an bheirt, ach is soiléire dom ón gcomhthéacs anois gurb iad Muire agus Iosaf atá i gceist, agus iad ag faire an Linbh.
gnaoigheal : álainn
ceananntais caomh : cineáltais séimh ?
Cantain suairc : ceol taitneamhach

Saturday, December 18, 2004

Focail Fánacha

Ó RnaG inniu:
soláistí : Bhí an focal seo cloiste go minic agam, ach cén brí go díreach atá leis? "delicacies" a deir Foclóir Uí Dhónaill, nó "confectionery". Measaim gur "refreshments" an chiall sa chomhthéacs inar chuala é.

Ó alt i nDialann Phanu ar Yasser Arafat:
brín óg : duine óg aerach (sean-bhrí an fhocail, dár ndóigh!)
chuaigh sé rite liom : ar éigin a d'éirigh liom
luiteamas a bheith agat le rud : ceangal leis nó cion air
cóstóireacht : coasting, rambling
toilghnústa : wilful
cídeog : N'fheadar i gceart cén Béarla atá ar seo, ach de réir cosúlachta 'sé atá i gceist ná an scairf a chaitheadh Arafat. Thugaimísne "scairf PLO" air seo agus mé ar scoil.
gustal : maoin an tsaoil
drongcheannasaithe : godfathers, dar le Panu! Gleoite!
i dtuilleamaí : ag brath ar
feodach : feudal
de phór na scológ : ball den bhuíon oifigeach óg.

Ó alt le Panu ar David Trimble:
casaoid : gearán