Saturday, May 14, 2005

"Na chéad fhocail Ghaeilge"?

Sin an teideal atá ar leabhar leanaí atá ag a baile againn. "Very First Words in Irish" an teideal Béarla atá air.

Leabhar an-mhaith is ea é, ach le breis agus bliain, tá an teideal ag goiliúint orm. "Na chéad"? Séimhiú tar éis "na"? Ach conas is ceart é a rá? "An chéad fhocal" - "the first word". Bíonn séimhiú ar an ord-uimhir "an chéad" i gcónaí - ach an bhfuil iolra aige?

Ní foláir dom a admháil nár dheineas aon dian-mhachnamh ar an gceist. Dá ndéanfainn, bheadh an freagra agam níos túisce. Ar nós aon cheist aistriúcháin, níl le déanamh ach a fhiafraí: "Cad 'tá á rá? Cad is ciall leis?" Ansin: "Conas a déarfaí é sin i nGaeilge?"

"Na Focail Tosaigh sa Ghaeilge" a déarfainnse. Bhfuil moltaí níos fearr ag éinne?

Caithfidh mé scríobh go dtí Foilsitheóirí Usborne!

5 Freagraí:

Arsa Anonymous Anonymous ...

céist: cad é "podcast" as geailge? no, an bhfuil focal ann fós?

bhí mé ag smaoineadh ar "craolscoth" nó "craolscaoil" ... .nó b'fheidir "clárscaoil" nó focal mar sín .. . . ach níl mé cinnte faoi ar cor ar bith.

12:34 PM  
Arsa Blogger Conn ...

"Podcast" - sin clár raidio a chuirtear ar fáil via soláthar RSS chun gur féidir le h-éisteoirí é a tharraingt ón idirlíon agus é a chur ar i-pod nó ar sheinnteoir mp3 so-ghuaiste de shaghas éigin agus éisteacht leis nuair a oireann seo dóibh fein.

Cochall an Ghaeilge ata ar "pod" - ach ceapaim go mbeadh "cochalchraoladh" ábhairín tuathallach le rá. Cad faoi Cochalchlár?

3:04 PM  
Arsa Blogger Panu ...

Ní abróinn go bhfuil leithéid "na chéad fhocail" mícheart amach is amach, nó tá mé beagnach cinnte go bhfaca mé a leithéid ag na scríbhneoirí dúchasacha ó am go ham. Mar sin féin, aontaím leat go bhfuil sé ag breathnú cineál aisteach, agus bheadh drogall orm féin é a úsáid.

9:43 PM  
Arsa Blogger Micheál Ó Měchúra ...

Ní dóigh liom go bhfuil "na chéad fhocail" mícheart ó thaobh cruinnis gramadaí de - cé gur cosúil go bhfuil sé bheith rud beag neamhghnáth agus dá bhrí sin, lochtach ó thaobh stíle de.

Is cuimhin liom an cheist chéanna seo a phlé le Ciarán Mac Murchaidh údar "Cruinnscríobh na Gaeilge" fadó, agus ceapann seisean gurb é an bealach is fearr leis an fhocal "chéad" a áireamh ná mar fhoirm chalctha (petrified form) de rud éigin a bhíodh sa teanga fadó. Ní "céad" faoi shéimhiú é.

7:44 PM  
Arsa Anonymous Anonymous ...

Ná scríobh chuig na foilsitheoirí. Gaeilge bhreá atá sa teideal. É de reir ceart na teangan leis na cianta cairbhreacha.
Maidir le 'podcast', 'paidceaist' nó, fiú, 'peaidceaist' a dhéanfaí de sna Gaeltachtaí ar aon dul le 'baighsacail'/'baighseacail' sara bhfuair 'rothar' na Laethannta Breátha an lámh in uachtar air!
Is fearr 'padchraoladh' nó 'podchraoladh' ná aon cheann des na moltaí eile, ach da mba mhaith linn é a dhúchasú(!!) beagán tugaimis 'podrán' air - blas na G. air seo, féach 'leabhrán', 'bodhrán' 'uibheagán', 'duibheagán' 7rl - agus an focal a rá mar puth-drán seachas path-drán.
Bheimis a rá "A' gcualaís an podrán sin faoi blá, blá, blá."

Cúláltha!!!

11:44 PM  

Post a Comment

<< Home