Thursday, May 05, 2005

Speilp

Cloiste ar Raidió na Gaeltachta inné:
Speilp : Maoin. "Ní raibh puinn speilpe againn ag éirí aníos"

1 Freagraí:

Arsa Blogger Panu ...

Nár chuala tú an ceann sin roimhe seo? Sílim gur focal Connachtach é ach go háirithe. Níl mé cinnte, ach sílim gur ag scríbhneoir éigin ó Mhaigh Eó a chonaic mé é an chéad uair - is dócha gurbh é Tomás Ó Duinnshléibhe é, ó Thuar Mhic Éadaigh.

Teilgean cainte eile as Tuar Mhic Éadaigh: "rachadh sé rite liom é a dhéanamh" = "bheadh saothar mór orm é a dhéanamh, is ar éigean a d'éireodh a leithéid liom".

9:41 PM  

Post a Comment

<< Home