Saturday, May 14, 2005

"Na chéad fhocail Ghaeilge"?

Sin an teideal atá ar leabhar leanaí atá ag a baile againn. "Very First Words in Irish" an teideal Béarla atá air.

Leabhar an-mhaith is ea é, ach le breis agus bliain, tá an teideal ag goiliúint orm. "Na chéad"? Séimhiú tar éis "na"? Ach conas is ceart é a rá? "An chéad fhocal" - "the first word". Bíonn séimhiú ar an ord-uimhir "an chéad" i gcónaí - ach an bhfuil iolra aige?

Ní foláir dom a admháil nár dheineas aon dian-mhachnamh ar an gceist. Dá ndéanfainn, bheadh an freagra agam níos túisce. Ar nós aon cheist aistriúcháin, níl le déanamh ach a fhiafraí: "Cad 'tá á rá? Cad is ciall leis?" Ansin: "Conas a déarfaí é sin i nGaeilge?"

"Na Focail Tosaigh sa Ghaeilge" a déarfainnse. Bhfuil moltaí níos fearr ag éinne?

Caithfidh mé scríobh go dtí Foilsitheóirí Usborne!

Thursday, May 05, 2005

Speilp

Cloiste ar Raidió na Gaeltachta inné:
Speilp : Maoin. "Ní raibh puinn speilpe againn ag éirí aníos"